Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (uimhir rolla 10842)
- Suíomh:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róisín, Bean Mhic Suibhne

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 365
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tighthe na sean-Aimsire
Ní rabh tighthe deasa ag na daoine fadó mar tá acu anois, Bhíodh tuighe ar cuid aca agus bíod fraoch ar cuid acu. Bhíodh leabaidh sa cistin in gach teach fadó. Bhíodh an leabhaidh ag taobh an teineadh in an cóirnheal. Codhluigheadh ar t-áthair agus an mháthur is an leabhaidh sin. Ní rabh seimne istigh ins na tightibh fadó. Bhíodh cuid de na tighthibh déanta de cliatacha agus cré. Bhíodh doras beag amháin ar gach teach. Bolt a bhíodh aca chun an doras a dhúnadh. Ní rabh ar na tighthe acht fuinneogaí beaga beirt ar chuid acha agus triúr béidir ar chuid eile aca. Ní rabh rud ar bith ionnta sarar cuireadh gloinne ionnta. Bhí an t-úrlar deánta de creafóg agus clocha. Bhíodh leath dhoras ar gach teach fadó
Bhíodh móin agus adhmad ag na daoine chun teine.
Sé an rud a bhíodh aca mar solas coinnle. Bhíodh tuighe ar na toighthe a bhí ag na seandaoine i bhfad ó shoin.
Bhíodh leabhaidh sa chistin ag na daoine fadó. Bhíodh an leabhaidh istoigh i coirneál beag le taobh an teineadh.
Codluigheadh an t=áthair agus an mháthair ins an leabhaidh sa cistin. Bhíodh simné(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seósaimhín Ní Mháitiú
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall