Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 255

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 255

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 255
  3. XML “An tAonach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    le ceannacht i mbocsaibh ins na siopaibh. Tá seo i gcomhnuidhe ag na ceannachóirí móra ins na siopaibh. Amanna eile gearrthar marc ins an fionnaidh le siosúr: agus uaireannta cuirtear lorg aoiligh orra le bata ar a ndruim.
    Tugtar an ceannrach leis an capall i gcomhnuidhe nuair atá an margadh deanta. Ach ní thugtar an srian leathair, nó an béalmhach. An ceannrach atá ar an capall lá aonaigh le tabhairt leis tá siad le ceannacht ins na siopaibh ar 1/6 an ceann nó mar sin. Níl ann acht píosa rópa slat ar fad le coinneál in do láimh, acht tá taipéis le dul thart ar cheann an capall. Srian éadtrom lag é. Cá dtugthar an bhuarach leis an bhuin. Capall nach bhfuil imtaobhta, agus nach bhfuil ughdaras ar bith ag dul léithe go n-oibreochaidh sí, díoltar í sin "ar an rópa" a deirtear. Ní thig í a chur ar ais chuig an dioltóir agus tá sé díolta ar beagán luach. Bó a bhfuil a h-am istigh le breith ar a leitheid seo de lá ní bhfuighfidh sí acht mí le tabhairt leí ón dáta a mbíonn a h-am istigh, nó nach mbeirfidh sí gamhain taobh istigh de'n mhí thig leis an cheannuightheóir an díoltar a thabhairt 'un dlighidh, agus geobhaidh sé an triomhadh pighinn de'n luach i.e. an triomhadh cuid.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Daithí Mac Seáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Seoladh
    An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Domhnall Mac Fhlaithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Liam Mac Gabhann
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Seoladh
    An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Caisleáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    An Dún Mór, Co. Dhún na nGall