Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 234
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mná óige. "Bainfheis" a bheirtear ar an fheásta a bhíos aca an oidhche a bhíos an lánamhain pósta. Níor mhair "na buachaillí tuighe" nó aon bhuidhean cosamhail leó ariamh ins an áit seo.
Oidhche na bainse bíonn an cóisire i d-tigh na brighdeóige. Bheir an fear nuadh-phósta cuireadh do n-a cháirdibh, agus is coír oiread a bheith aige ag an chóisire agus atá ag an mhnaoi óig. Gach duine a gheibh cuireadh don bhainfeis ón mhnaoi óig nó ó n-a muintir is cóir dóibh 'cineál' a bheith leóbhtha. Bíonn le gach cailín nó bean a gheibh cuireadh mar seo, cístí milse, tuirtíní rísíní, nó cuiríni, nó tre, cearcha nó lachain bruighte fá choinne an fhéasta, agus bíonn na fir as na tighthibh céadna gan a dhath leó. Ach ar na bliadhanta deireannacha bíonn uisce-beatha go minic leó.
Na cáirde a fuair cuireadh ón fhear óg níor ghnáthach dadaidh a bheith leó acht i n-amannaibh bíonn uisce beatha leó fosta.
Fá éadach na bridhdeoíge is coír cuid de a bheith sean, cuid de a bheith nuadh. Cuid de a fhághail ar iasacht, agus cuid eile de a bheith gorm. Ní ceart ar aon chor, dadaidh dearg a bheith ins an éadach ag an mhnaoi óig.
Níor ghnáthach le daoine a bheith ag rás ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)