Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. San Inid is mó a phósas daoine faoi láthair. Póstar go leór fosta roimh an Nodlaig. A bhfad ó shoin is beag lánamhain a bhí ann acht fán Inid. An lá roimh Chéadaoin na Luaithrighe sin Máirt na h-Inide. Bíonn ainm ata air i n-amannaibh - Máirt na Smut, mar deirtear go mbíodh smut ar na cailíní nuair a bheadh siad diomhaoin bliadhain eile. I n-áiteachaibh a mbíodh margadh nó siopaí is gnáthach salann garbh a chaitheamh ar cailíníbh agus ar fhearaibh atá i n-aois a b-pósta, agus a leig bliadhain eile tharsta gan pósadh. Customaéraí a ghnidheas seo leis an t-salann, agus a chaitheas ar chustumaéraí eile é. An áit nach mbíonn salann garbh le fághail gnithear úsáid de bhran min-bhuidhe nó plúr. Is é an 13adh de gach mhí lá atá airmighthe a bheith mí-rathamhail; tá an Aoine mar sin fosta agus an Satharn.
    Bealtaine is mí é seo atá mí-rathamhail.
    Níl sé ádhmhail, de réir na bpisleóg capall bán a bheith ar an bhainfheis agus níl sé ceart ag an fhear nuadh-phósta é féin a bheith ag tiomáint capall ar an lá sin ag an bhainfheis.
    Gnidhtear cleamhnaistí go fóill ins an cheanntarsa
    Nuair is mian leis an fhear rachfaidh sé féin agus triúr nó ceathrar de na cháirábh go mall san oidhche go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)