Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéalta (ar lean)
“Bhí sean lánamhain 'na gcomhnaidhe i mbárr an bhaile s'againne. Bhí siad comh bocht leis na deóra.”
(ar lean ón leathanach roimhe)fá dhéin na ngárdaí. Tháinig siad-san go dtí an cró agus thug leo an cholainn gan cheann 'un na beirice. Chuir said ináirde ar spíce é go bhfeicfidh cé ar leis é. Oidhche amháin dubhairt an stócach leis an tsean-bhean "Cuirfidh mise orm culaith dubh agus cuirfidh (mise) tusa braithlín geal rachfaimuid 'un na beirice fá dhéin na colna. Sílfidh na gárdaí gur an diabhal agus an Mhaighdean Mhuire atá ann". Nuair a thainig siad go dtí an bheiric sgannruigh na peus agus leig siad ar siubhal an cholainn gan cheann. chuaidh an tsean-bhean agus an stócach 'na bhaile agus iad bréagh sásta- (Brighid Bean Mhic Eachmharaigh, Caoldruim, Gort-a-Choirce)Fuaras an sgéal seo ó mó mhathair mhór Caoldruim uachtarach, Gort a' Choirce, Tír Chonaill Aodh Mac Gabhna, Árdaidh Bhig, Gort a Choirce, Tír Chonaill Liam na Sapóige
Bhí gabh ann fad ó shoin darbh ainm Liam na Sapóige. Fuair sé trí athchuingeacha
1) An té a bheirfeadh ar an órd nach dtiocfadh(leanann ar an chéad leathanach eile)