Scoil: Cnoc na Naomh

Suíomh:
Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 22

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 22

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Naomh
  2. XML Leathanach 22
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal

    Bhí bean ann am amháin agus bhí triúr ingheanach aicí mar bhí Gráinne, Nuala, Máire Bobanta.

    Sean-sgéal
    Bhí bean ann am amhain agus bhí triúr ingheanach aicí mar bhí Gráinne, Nuala, Máire bobanta. Lá amháin dubhairt Gráinne go gcaithfeadh sí féin imtheacht agus saibhreadh dithe féin " Éirigh a mhathair agus deán tuirtín damh" arsa sise." Cé aca is feárr leat tuirtín beag agus mó bheannacht na tuirtín mór agus mó mhallacht" arsa an mhathair. "Is fear liom tuirtín mór agus dó mhallacht" arsa sise. Fuair sí sin agus d'imthigh sí. Casadh fear uirthí agus rinne sé í a fhastódh
    Bliadhain agus lá na dhiaidh sin dubhairt Nuala go rabh a deirbhsiúr ar shiubhal le lá agus bliadhain agus go rabh sí ag dul ar a chuairt chuici." Éirigh a mhathair agus deán tuirtín damh", arsa Nuala."Cé aca is feárr leat tuirtín beag agus mó bheannacht na tuirtín mór agus mó mhallacht" arsa an mhathair. "Is fearr liom tuirtín mór agus dó mhalacht. Fuair sí sin agus d'imthigh sí. Rinne sí fastodh ins an teach cheudhna ina rabh an cheud bhean.
    Bliadhain agus lá 'na dhiaidh sin dubhairt Máire bobanta go rabh a deirbhshiúr ar shiubhal le dhá lá agus dhá bhliadhain agus go rabh an dara bhean ar shiubhal le lá agus bliadhain agus go rabh sí fhéin a imteacht fosta. Éirigh a mhathair agus deán tuirtín damh" arsa Máire. "Caidé an seort tuirtín is feárr leat" arsa an mhathair. "Tá" arsa Máire "tuirtín beag agus dó bheannacht".Fuair sí sin agus d'imthigh sí. Eadar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aodh Mac Gabhna
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Bríghid Bean Mhic Eachmharcaigh
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall