Scoil: Cnoc na Naomh

Suíomh:
Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 19

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 19

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Naomh
  2. XML Leathanach 19
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal

    Bhí fear ann in am amháin agus ní rabh fhios aige cá h-áit a gheobhadh sé bean mhaith le na chuid airgid a chongbhail.

    Sean-sgéal
    Bhí fear ann in am amháin agus ní rabh fhios aige cá h-áit a gheobhadh sé bean mhaith le na chuid airgid a chongbhail. Lá amháin bhí sé ar an aonach agus chonnaic sé triúr cailíní. Bhí beirt aca gléasta go deas agus bhí an bhean eile go measardha cóirighthe agus ní rabh amaidigh ar bith ag cuir as dithe. Dar leis fán go dtiocfadh leithe seo a bheith maith go leór agus chuir sé ceist uirthí an bpósadh sí é. Dubhairt sise go rabh sí sása. An lá thar na bharach pósadh iad agus chomhnuidhe siad i gcuideachta a chéile ó sin amach. Nuair a bhí siad seachtamhain pósta dubhairt an fear go gcaithfeadh seisean a dhul chuig a chiud oibre. "Níl a dhath le deánamh agat-sa ach mála na mine a snathadh leis an bhain." Ní rabh fhios aici caidé an rud min agus nuair a d'imthigh an fear thosaigh sise a dh'amharc ar an mhála. Thuit snathad isteach sa mhin uirthi agus thug sí amach í go dtí an t-árd agus chaith sí í. Nuair a fuair sí an tsnathad bhí an mhin ar shiubhal leis an ghaoth.
    Nuair a thainig an fear 'na bhaile an oidhche sin dúbhairt sé "Chuir sé sneachta annseo ó shoin", " Ó leóga níor chuir" arsa (sin) sise " an mhin a chaith mise ag cuartughadh snathaidhe a chaill mé innti." "Tchídhim" arsa seisean. "Shíl mé go rabh tú críonna go dtí seo" An lá thar na bharach dubhairt sé go gcaitheadh sí an cál
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1541: For the Long Winter
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aodh Mac Gabhna
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Mhic Eachmharcaigh
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall