Scoil: Cnoc na Naomh

Suíomh:
Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 14

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1072, Leathanach 14

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Naomh
  2. XML Leathanach 14
  3. XML “Seanscéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéalta (ar lean)

    Bhí sean lánamhain 'na gcomhnaidhe i mbárr an bhaile s'againne. Bhí siad comh bocht leis na deóra.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus annsin rachfamuid soir go dtí muileann an Choraidh-Crioganaidh agus gheobhaidh muid min deánta."D'imthigh siad agus nuair a bhí said san muileann, dubhairt siad le fear an mhuilinn go rabh ceithre chéud coirce leo agus gur mhaith leo min a fhaghail deánta roimhe an tSatharn. Dubhairt an muilteór go mbéadh agus fuair siad min deánta.
    Ins an am seo bhí rí 'na chomhnuidhe ins an ceanntar seo. Bhí muc dé chuid an an righ ag teacht isteach gach lá agus bhí sí ag tochailt an urlair. "Bheirfidh mé seans amháin eile duit agus má thig tú isteach lábéidh anlann againne ó sin amach" ars an stócach. Thainig an mhuc isteach an lá thar na bhárach mar an gceudhna. fuair an stócach greim uirthi agus mharbhuigh sé í. Shocruigh an rí plean le fághail amach an rabh an mhuc aca. chuir sé sgéala amach go rabh damhsa le bheith aca. Chuir siad a mathair isteach ins an chórtha agus d'iarr áit i dteach an tsean-lánamhain do'n chórtha. In am luighe d'iarr an stócach ar an tsean bhean giota dé'n muic-fheoil a rósadh, Tabhair aire nó tá mó chroidhe ag inse damh go bhfuil duine éiginteach san chórtha. Bhí an bhean na suidhe agus í ag cuir cluas uirthi féin, Bhí oiread feirge (uirthi) air
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bríghid Nic Eachmharcaigh
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall