Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus an nigheann ina suidh ar an taobh eile.
Rinne an gasúr réidh a dhinnéar agus dubhairt se leis an mnaoi agus leis an n-inghean dá dtabharfadh siad cúig phunt gach duine aca dó go dtiocfadh leisean biseach a dhéanamh daobhtha. Thug siad sin dó agus d'imthigh an gasúr leis ar an chapall bán agus ní phill siad ní ba mhó.
D'imthigh se leis ar an bhealach mór agus air fear bhocht agus d'iarr se atharach éadaigh air. Dubhairt an fear bocht leis gan bheith ag magadh agus dubhairt an gasúr nach bheith ag magadh a bhí sé agus rinne siad seo..
Chuir an gasúr air éadach an ghasúir agus d'imthigh an beirt leobha ar an bheathach bán agus ní ndeachaidh sé i bhfad go dtáinig siad go dtí áit ina rabh aonach agus ní rabh siad i bhfad annsin go bhfacaidh siad an dochtúir ag tarraingt air.
Chuir sé an fear bocht isteach i mála(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Colla
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Seósamh Ó Colla
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50