Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus chuaidh sé féin suas ar an chapall agus chuir sé an fear bocht ins an mhála thuas le thaoibh agus d'imthigh sé.
Ní dheachaidh se i bhfad gur chuir an dochtúir ceist air an deachaidh gasúr ar bith soir.
Dubhairt an gasúr go deachaidh cinnte agus d'iarr sé an dochtúir an mála a choinneáilt go dtí go bhfuigeadh sé an gasúr.
D'imthigh sé agus nuair a bhí sé amach as amharc an dochtúra d'imthigh sé leis 'na bhaile.
Bhí an fear bocht istoigh ins an mála agus dubhairt sé leis an dochtúir an fear bocht a chuir tú a chuartughadh go mb-féidir gurab é sin an gasúr a d'imthigh uait.
Leig an dochtúir amach an fear bocht a bhí ins an mála agus b'éigean dó an dochtúir imeacht na bhaile gan gasúr ar bith.
Tháinig an gasúr na bhaile agus deich bpúnta leis agus beathach bán agus badh é sin an céad bheathach bán a tháinig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Colla
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Seósamh Ó Colla
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50