Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 007
  3. XML “Seanfhocla”
  4. XML “Scéal - An Fear a Raibh Cluasa Capaill air”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fad ó shoin agus bhí cluasa capall air. Níor mhaith leis duine ar bith fios a bheith aige air.
    Bhí a chuid gruaige ag éirighe rófhada agus badh mhaith leis í a fhagháil gearrtha. Chuaidh sé chuig bearradóir lena chuid gruaige a fhagháil gearrtha.
    Dubhairt sé leis an bhearradóir "má innsigheann tú go bhfuil cluasa capall ormsa do duine ar bith mairbhfidh mé tú". Dubhairt an bearradóir nach n-innseochadh.
    D'éirigh an bearradóir tinn. Tháinig an dochtúir agus dubhairt sé leis go rabh rún éighinteacht nar mhaith leis innse do dhuine ar bith.
    D'iarr an dochtúir air éirigh agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0782: Midas and the Ass's Ears
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Caitlín Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    40
    Seoladh
    Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall