Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)

Suíomh:
Toraigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 309

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 309

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Toraighe
  2. XML Leathanach 309
  3. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fásann gromlasg ar taobh na gclaidhtheach agus baintear úsáid as fá choinne páistí a mbíonn tartfuairt ortha Bruithtear é ar uisce agus bruithear é inéadach agus thig sugh as agus tugtar dó na páistí an sugh fríd an bhainne agus ghnídheann an sugh sin maith dobhtha.
    Fásann luibh ins an talamh darbh ainm do cúlfáith agus dá mbeirfeadh air dhoighfadh sé tú agus fásann cuid mhór de i roilicheacha. Nuair a bhíos an bruicneacha ar dhaoinibh, baintear usáid as cúlfhaith le í a bhruith ar uisce, agus an sugh a thabhairt dóibh le h-ól, agus cuirtear siúcra air.
    Baitear úsáid as gáirléog fá choinne ainmidhthe nach mbíonn folláin. Sgoiltean siad ruball an ainmmhidhthe agus cuireann siad cúpla gáirléog isteach ann ruball na bó, agus cuireann siad éadach thart air agus cuirtear córda ar an éadach go gcreasuigheann an ruball arais.
    Tá luibh ag fás agus sé an tainm atá air copóga agus tá leigheas ann. Ins an t-samhradh nuair a bhíos an copóg ag dul a fhás, bíonn duilleog bheag ghlas istoigh ann agus bíonn sé fliuch agus taobh amuigh de bíonn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Dhubhagáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Róise Nic Ruaidhrí
    Inscne
    Baineann