Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)
- Suíomh:
- Toraigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Toraighe
- XML Leathanach 336
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí rí agus bainrioghín ann uair amháin agus bhí triúr nigheanna aca.”
Bhí rí agus bainríoghín ann uair amháin agus bhí triúr nigheanna aca. Bhí tobar I gcúl an toighe agus athchuinnghe ar bith a niarrfá ar an tobar gheobhfa é. Dimthigh an rí na domhan thior lá, agus rinne sé deamad an glas a chur ar an tobar. Nuair a bhí sé píosa maith ar shiubhal mhothaigh sé na heochracha ag craiceóil ann a phóca agus bhí fhios aige go dtearn sé dearmad an glas a chur ar an tobar, nach rabh ann aige pilleadh nó go rabh na hathcunge iarraidhiste ag na nighneacha. Nuair a thainic sé arais bhí uachtar fola ar an tobar agus bhí fhios aige go rabh na hathcungí iarraidhiste ag na nighneacha. D’iarr an chéad bhean aca a leithid seo d’fhear a bheith fá na coinne ar a 12 anocht. D’iarr an dara bean an rud céadna. D’iarr an triomhadh bean tarbh dubh na tráigh míne a bheith fá na coinne ar an 12 anocht. Ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann