Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 301
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí sin ann agus is fad' ó bhí, fear abhí na chomhnuidhe shuas i gCo Thír-Eoghain, agus é pósta ar bhean as Machaire-chlochair seó amuigh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)“Níl dhe dhith orm acht í féin, ma ghlacann sí mé” ars’ an captaoin. Nuair a bhí an lósta ar bórd aige, d’imthigh an bád na bhaile go Bla Cliath arais. An chead uair eile a tháinig sí go Lonndain bhí an cailín ar bórd, agus luthgháir mhór uirthí cionnus go rabh sí le na muinntir a fheiceál arís.
Nuair a bhí siad leath-bealaigh anonn thainig stoirm milltineach. Bhí an captaoin thíos in a chában agus é ‘na codhladh nuair a d’éirigh an stoirm.
Bhí rópaí istigh iná chában a bhí a dhioghbhail le rud eighinteacht a cheangal. Nuair a chuaidh an mate síos fá na gcoinne agus chonnaic sé an captaoin ‘na chodhladh, dar leis féin “Seó seans bréagh, faghail réidtigh dó anois, agus beidh an cailín agus an bronntanas agam fhéin.
Bheir sé air an chaptaoin agus chaith amach san fhairrge é, agus gan air acht drás agus simit, agus d’imthigh an bád leithe.
Bhí an caphtaoin ag snámh thart(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nábla Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 92
- Seoladh
- Gabhla, Co. Dhún na nGall