Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 282
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhasanna.1. Dá chailín óga gléasta go deas. Mar is fuide a mhaireann siad mar is giorra a fhásann siad.
Freagra. Dhá choinnéal.2. Triúr chlann Chonaill [a rabh]? aighe ag dhul siar go Dún-na-nGall; gan súil nó béal nó cos ortha agus iad uilig ag ceól.
Freagra. Tonnaí na fairrge.3. Fásann sé san choillidh agus ghníonn sé tormán ar an bhaile mhór.
Freagra. Fideál.4. Caidé an chéad chuid den duine a theigheann isteach ar an doras.
Freagra. Anál.5. Cad chuige a gcaitheann an rí gealasa glasa?
Freagra. Fá choinne a bhristí choigbhail [s]?6. An t-é a chaithfheas é ní fheiceann sé é.
An té tcífeas é ní chaitheann sé é.
Freagra. Comhnáir.(leanann ar an chéad leathanach eile)