Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 278

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 278

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 278
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear as an Charraic seó thiar pósta ar bhean as Machaire-an-Clochair.

    Bhí fear as an Charraic seó thiar pósta ar bhean as Machaire-an-clochair. Bhí an fear ag obair áit éigin agus nuair a thiocfhadh sé san oidhche, ghéarrfhadh sé léim trasna an t-srutháin, acht nuair a bheadh sé ag imtheacht ar maidin chaithfheadh sé siubhal fríd an uisge.
    Bhí fear ag obair ag taobh an t-sruthan agus sé fa deara seó agus lá amháin chuir sé ceist air cad a chuige gcaithfheadh sé siubhal anonn fríd an t-srúthan ar maidín agus go dtiocfadh leis léim a thabhairt thairis san san oidhce.
    “Ta” arsa an fear, “ta sean-duine fá’n teach againn agus chomh luath [géar]? agus rachfhaidh na preátaí síos deirfhidh seisean gan a cheann a chuir síos dó-san, agus nuair a bhéas siad ag goil beadh sé dhá dtógail leis an mhaide bhriste agus dhá n-ithe, agus ní bhíonn ceann ar bith fágtha. Mar sin de bíonn me lag nuair a bhíonn mé ag imtheacht ar maidín.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Mac Géidí
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall