Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le na bhocsa féin agus d’ith siad a saith. Labhair an fear eile le na bhocsa agus tháinig sgaifte saighdiúr amach agus thoisigh siad a throid: Annsin nuair a h-iarradh ortha chuaidh siad uilig isteach sa bhocsa arais.
Rinne Seán agus an fear malairt bocsaí agus d’imthigh gach duine aca a bhealach féin. Fá chionn tamaill bhuail ocras an fear agus labhair sé leis an bhocsa acht dá mbeadh sé ag cainnt leis ó shoin ní thiocfhadh a dhath amach as.
Chuaidh Seán na bhaile agus bhí caisleán mór deánta ag Seán le na chuid airgid féin. Ní rabh an mhathair Sásta le Seán cionnus nach rabh airgead leis. Nuair a chonnaic Seán seó labhair sé leis an bocsa agus tháinig na saighdiúirí amach agus b’éigin do Thomás agus do na mhathair an caisleán a fhágail agus imtheacht leó. Agus bhí dóigh mhaith ar Sheán ón lá sin go dtí an lá indiú.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Bhriáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14