Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chualaidh an Rí fá dtaobh de agus d’iarr sé ortha é leigint isteach: Chuaidh Seán isteach san t-seómra in a rabh inghean an Rí na luighe. Thug sé leis spunóg agus bhain an buideal amach as a phoca, agus thug duithe deoch de’n uisge. Nuair a bhí an chead cheann olta aicí d’éirigh sí as an leabaidh agus nuair a bhí an darna ceann ólta aici chuir sí uirthí a cuid éadaigh agus nuair a bhí an tríomadh ceann ólta aicí bhí sí chomh maith agus bhí sí ariamh. Bhí gach duine iongantach buidheach do Sheán na dhiaidh sin. Tugadh culaith úr éadaigh agus péire úr bróg. Cuireadh ceist air an mbeadh inghean an Rí aige nó dhá charr an óir. Dubhairt Seán go mbeadh an t-ór aige. Fuair sé é. Mheas sé go ndeánfhadh carr amháin eisean agus go dtabharfadh sé an chuid eile de na bochtaibh.
D’iarr sé ar bhochtaibh na h-áite uilig cruinniú lá thar na bharach. Thug sé féin leis carr an óir agus sluasaidh agus thosuigh sé a chaitheamh amach an óir ag na daoine. Ní rabh dhá sloisid caithte aige nuair a chonnaic sé a dhearbhrathair Tomás agus ní rabh aon shloisid a dthabharfhadh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Bhriáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14