Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 241

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 241

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 241
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht 7 ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    annseó aicí agus gur mhór an truaighe é fhágail. “Bhéarfhaidh muid linn ar saith dó” arsa seisean.
    Thug siad leó an méid a thainig leó de’n óir annsin agus d’imthigh siad go dtí an caisleán a rabh na sgillingeacha air. Bhí lúthgháir uirthí-sé rómpa, agus dubhairt sí leó, “fanóchadh sibh annseo agam-sa, is mór an truaighe an áit seó a fhágail”.
    “Ó, bhéarfhaidh muid ar saith linn” arsa an buachaill “agus rachfhaidh muid ‘na bhaile”. Thug siad leobhtha an méid a thiocfhadh leobhtha do gach ollmhaitheas a bhí sa’ chúirt agus d’imthigh leobhtha.
    Nuair a chuaidh siad go dtí an chaisleán a rabh an cúmhdach pingneacha air. Bhí lúthghair mhór ar a ndeirbhshiúr rómpa, agus d’iarr sí ortha uilig fanacht aici-sé feasta. Ní dheanfhadh siad sin acht thug siad leó an méid saidhbhris a’s thiocfhadh leobhtha agus d’imthigh siad ‘na bhaile chuig a n’athair agus a mathair, agus ní rabh daoine fá’n áit a bhí leath chomh saidhbhir leó ón lá sin amach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Dubhgáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall