Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 234

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 234

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 234
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht 7 ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a chuaidh sé na bhaile trathnóna d’fiafruigh an mhathair dó ca rabh a nighean “O”, ar seisean, “s’íl sí an siubhal a bheith ró-fhada agus tá sí a’ fanacht sa’ coillidh go maidin, acht bhéarfhaidh mé í seó liom imbárach”.
    Thug sé leis an darna nighean an lá thar na bhárach agus dhíol sé le fear inteacht eile í ar lán carr de sgillingeacha. Tháinig fear eile chuige annsin agus dubhairt sé leis dá dtabharfhadh sé an triomhadh bean chuige-san go dtabharfhadh sé lán lán a charr de ghinidheacha de. “Maith go leór” arsa seisean. Nuair a chuaidh sé na bhaile d’fiafruigh a bhean dó ca rabh na nighneacha. Dubhairt sé leithe go rabh siad ins an choillidh agus go gcaithfheadh sé an tríomhadh bean a thabhairt leis imbárach.
    Nuair a chuaidh sé ‘na coilleadh lá thar na bhárach tháinig an fear a bhí ag cainnt leis an lá roimhe-ré agus lán a charr de ghinidheacha leis. Thug sé leis an nighean a b’óige agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Dubhgáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall