Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 196
- XML “Donn Mhac A' Diarfach agus Dubh Mhac A' Diarfach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thuit sé ‘un suain, gheárr sí giota beag as cúl a chasóige agus chuir sí i dtaisgidh é. Mhusgail sé annsin agus d’imthigh sé.
Tháinig mac rí na Tuirce, leabhar fosgáilte agus claidheamh tarraingiste agus bhain sé mionna aistí nach n-innseóchadh sí a choidhche nach bé eisean a mharbhuigh an fáthach.
Thug Donn go dtí a theach loistín agus rinne an bhean reid a chuid. Chuaidh siad ‘un comhráidh agus dubhairt sí go rabh obair mhór deánta ag mac rí na Túirce, go rabh dhá chuid de nighean rí Gréige bainnte aige. “Ma éirigheann leis imbárach, tá an ríoghacht bainte aige. “Nach cuma damhsa” arsa Donn “cain liom-sa í”
Ar maidín lá thar na bharach d’éirigh sé agus d’imthigh sé ar an nós ceadhna. D’imthig Mac rí na Tuirce as a bhealach mar rinne sé an dá lá roimhe sin. Mharbhuigh Donn an tríomhadh fáthach. Tháinig sé gur fhág sé a cheann ag cosa nighean rí Gréige.
“Leag do cheann in m’ucht agus deán do sgithste nó tá tú sáruighthe” arsa sise. Thainig suamhnan codhladh air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall