Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 090
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí seanbhean ann uair amháin 7 bhí gárradh mór cnódhanna aici bheadh cuid gasuraí an bhaile ag goid na gcnódhanna uirthí 7 ní bhéadh sí leath shásta.”
Bhí seanbhean ann uair amháin agus bhí gárradh mór cnódhanna aici Bhéadh cuid gasuraí an bhaile ag goid na gcnódhanna uirthí agus ní bhéadh sí leath shásta. Bhí stóir mhór cnódhanna sa teach aici fosta agus ní leigfeadh sé do aon dhuine dul a gcóir. Nuair abhí sí ag fághail bháis thug sí órdú na cnódhanna uilig a chur isteach sa comhnair léithi agus rinneadh amhlaidh.
Lá amháin, tamall na dhiaidh sin bhí an sagart óg thíos ag an roilig agus chonnaic sé dhá ghasur istuigh sa roilig agus iad ag tógailt comhnair na sean-mná. Sgannruigh an sagart agus d'imthigh sé leis go tapaidh agus d'innis sé do'n sagart mór goidé chonnaic sé. Bhí an sagart mór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamas Mac Giolla Bhríghde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Baile an Droichid, Co. Dhún na nGall