Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)

Suíomh:
Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 082

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 082

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc an Stolaire
  2. XML Leathanach 082
  3. XML “Tomhaistaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    C – Tá teach beag thall annsin agus bíonn feól ann gach lá ach D[?] Domhnaigh.
    Fr – Mearacann.
    --------------------
    C – Tá sé san mbachta agus ní bhaintear é, tá sé san abhainn agus ní bháithtear é, tá sé san tsiopa agus ní dhíoltar é.
    Fr – Solus na gréine.
    --------------------
    C – Seanbhean sa gharradh agus céad cóta uirthí.
    Fr – Ceirtlín cháil.
    --------------------
    C – Ca mhéad dreimre a rachadh na bhFlaithis?
    Fr – Ceann amháin dá mbhéadh sé fada go leór.
    --------------------
    C – Bréidín buidhe ar thaoibh an toighe agus ní féidir a shníomh nó a réidhteach.
    Fr – Gaethe na gréine.
    --------------------
    C – Innsigheann sé sgéal ach ní fhosglann sé a bhéal.
    Fr – Leitir.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge