Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 028
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Fadó shoin nuair abhí géarleanamhaint ag muinntir na Sasana ar na sagairt in Éirinn 7 a chaitheadh na sagairt a bheith ar shiubhal i bhfolach, bhí fear na chomhnuidhe leis fhéin thoir ar na Crois Bhealaigh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Nuair abhí an t-aifreann ráidhte dith achan dhuine aca ceapaire agus simfhigh an fear leis na bhaile annsin.
Cupla oidhche na dhiaidh sin, rinne an fear briongloideach eile agus sé an bhriongloid í, na go raibh fiadh marbh thuas ag bun na Mucaise. Maidin lá thar na bharach thug sé leis sgian agus d'imthigh sé leis go bun na Mucaise,. Bhí an fiadh annsin ceart go léor. Dar leis na n-innseochad sé do'n t-sagart fa seó ar chor ar bith ach rinne sé ath-smaointiú agus d'imthigh leis agus d'innis do'n t-sagairt é. Chuaidh sé fhéin agus an sagart go dtí an áit a raibh an fiadh marbh. Nuair a shroich siad an áit, thoisigh an sagart ag léigheadh as leabhar urnaighthe, os cionn an fheadh. Nuair abhí sé tamall ag léigheadh d'éirigh an fiadh agus 'imthigh leis go géar gasta, an méid abhí ina chnámha.
"Char bhac duitse" arsain dagart leis an fear, " nar ith tú feól an fiadh sin , na da n-iosfa, bheithea damnuighthe do deó".
Goidé bhí ann ach an diabhal.- Faisnéiseoir
- Antoine 'Ac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall