Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)

Suíomh:
Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc an Stolaire
  2. XML Leathanach 001
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Fad ó shoin bhí gabha 'na chomhnuidhe suas i mbárr ghaoth barra. Ní raibh aige ach é féin agus a mhathair, bhí an mhathair ag eirghe aosta agus d'iarr sí air a ghabhail amach agus bean a phósadh.

    Fad ó shoin bhí gabha 'na chomhnuidhe suas i mbárr ghaoth barra. Ní raibh aige ach é féin agus a mhathair, bhí an mhathair ag eirghe aosta agus d'iarr sí air a ghabhail amach agus bean a phósadh. Rinne sé mar hiarradh air. Ní raibh ag an mnaoi nua a fuair sé ach a mathair fosta agus thainig siad uilig le comhnuidhe ina thig sin. Ní raibh an suighthe sa phota ariam go dtí seo no throid na sean mná ó mhaidín go hoidche agus go minic, minic ó oidhche go maidín.
    Lá amháin thainig fear beag ribeach ruadh isteach sa cheardta chuig an ghabha. Fear beag éagsamhail a raibh bríste gorma agus casóg dhearg air.
    Cuir sé ceist ar an ghabha "an gcuirfeadh sé péire cruithteac [?] ar bheathach leis i mbarach". Dubhairt an gabha "go gcuirfeadh go cinnte".
    Tráthnóna lá thar na bharach cia thainig leis an bheathach ach an fear beag ribeach ruadh. Thainig sé isteach na ceardta agus cheangal an beathach thíos ag bun an urláir mar is gnathach. Thainig sé aníos annsin agus ghlan thart fan teallach agus sguab amach an teach. Chuaidh sé síos annsin agus ghearr sé na ceithre cosa den bheathach, chaith isteach sa teine iad agus thoisigh shéideadh na mbuilg ar theann a dhicheall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0753: Christ and the Smith
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall