Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)

Suíomh:
Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Sibéal Ní Ghallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 317

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 317

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Beag
  2. XML Leathanach 317
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go taobh cloiche agus go bfuighfeadh sé rud ar bith a béadh a dhith áir. Chuaidh sé go dtí an chloch agus thóg sé í. Bhí chearc, fídeóg agus bratóg ann. Tóg sé an fhídeóg agus chuir sé ann a bheal í agus rinn sé fead. Tháinic teach deas roimhe agus d’ubhairt an fear ruadh leis dul isteach ins an teach agus loistín a iarraidh. Chuaidh agus d’ubhairt an fear nach dtabharfadh sé loistín do acht rinn sé féin teach beag do féin. Chuaidh sé isteach ann. Bhéadh nighean an fhir seo ag dul isteach le na chuid aige gach lá. Rachadh sí ar bhárr a cuid cos go dtí an doras go bhfeicfeadh sí cá tuighe a mbéadh an bhratóg ar a cheann aige.
    Lá amháin chuaidh sí go dtí an doras agus bhí sé dul thart fríd an teach agus gan bratóg ar bith ar a cheann. Chonnaic sise an ceann óir. D’fosgal sí an doras agus chuaidh sí isteach. Nuair a bhí sí ag dul isteach ar an doras bhí sgaibe ag chur air na bratóige. Chuaidh sí isteach. Chuir sí ceist ar an bpósfadh sé í. D’ubhairt seisean go bpósfadh da dtabharadh sí go dtí na theach féin é. D’ubhairt sise go dtabharfadh. Thug sí léithe go dtí na teach fhéin é. Rí a bhí ann a h-athair. Nuair a chuaidh síad go teach an Ríogh rinn siad baineas agus pósadh iad, an lá thar na bharach. Bhí lá mór aca. Bhí sé i dteach an Ríogh go bhfuair an rí bás. Bhí beirt mhac aca. Bhí fear aca míofur.
    Lá amháin thug sgaibe leis an fear doigheamhail agus an fear míofur agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghiolla Bhríghde
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ard na gCeapairí, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Anna bean uí Ghallachobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall