Scoil: Doire Beag (uimhir rolla 14503)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Sibéal Ní Ghallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag
- XML Leathanach 289
- XML “Scéal”
- XML “Paróiste Ghaoth Dobhair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Slánuightheoir thart agus arsa seisean, “Sé’n ruadh reathas agus an Ruadh reath é agus a ghruaidh ar ghrádh na dtrilleán, fhad is mhairfeas grian gheal ghaimheal ní rachaidh fial gó h-Ifreann”.
Phill Colm Cille ‘na bhaile agus roinn sé a raibh aige ar na bochtaibh agus thug sé a bheatha suas do Dhia. - Parroiste Ghaoth Dobhair.Bhí sagart ‘na chomhnuidhe i bParroiste Na dTuatha uair. Bhí caora aige agus goideadh uaidh í. Bhí droth bharamhail aige as comhursain gurb é a ghoid í. Ní raibh fhios ag an fhear sin fa dtaobh dhí. Bhí an comhursa lá amháin ag dul an bhealaigh mhóir. Casadh fear air ag marcuidheacht ar chapall. Léim sé de’n chapall agus d’iarr sé ar an fhear greim a ,conb, chonghbhail ar an chapall tamall. Is é go raibh an capall goidthe leis, agus bhí an tóir ‘na dhiaidh. Fuaras greim ar an fhear bhocht a bhí ag conghbhailt an chapaill agus cuireadh síos do gur ghoid sé é.
Lá an dlighe chuir an breitheamh ceist air an raibh aon dhuine ‘san chúirt a bheirfeadh focal ar a shon. D’amharc sé thart, agus chonnaic sé an sagart. Dubhairt sé go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mháirghread Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall