Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)
- Suíomh:
- Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamas Mac Giollabhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Lúithche
- XML Leathanach 270
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí seanbhean agus seandhuine na gcomhnuidhe leo i fein i dteach beag agus bhí siad iongantach bocht. Bhí sean bhapall bán, éan seabhac agus cú acu.”
Bhí seanbhean agus seandhuine na gcomhnuidhe leo i féin i dteach beag agus bhí siad iongantach bocht. Bhí sean chapall bán, éan seabhaic agus cú acu. Dubhairt an seanduine lá amháin go rachadh siad a chruinneadh a gcodach agus sul ar imthigh siad chuir siad an capall ar téad sa gharadh an t-éan seabhaic san árraidh agus an cú faoi an leabaidh agus annsin dimthig siad. Chuaidh duine acu achan bhealach agus nuair a bhí siad ag imtheacht o na chéile dubhairt an seanduine go mbeadh siad aráist bliadhain on lá sin agus cé bith an cead duine thiocfadh caithfeadh sé a ghabhail na phortaigh fáchoinne cliabh mónadh.
Bhí siad ar siubhal ar feadh bliadhna agus sé an seanduine an cead duine a shroich an baile agus nuair a bhí sé ag tarraingt ar an teach bhí sé ag amharc go bhfeicfeadh sé an rabh an capall marbh agus nuair a tháinig sé fhad leis an gharadh a rabh an capall ann chonnaic sé í agus tá searrach óga aicí. Chuaid sé isteach annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheal Mac Cumhaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Cuinge, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cumhaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Cuinge, Co. Dhún na nGall