Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)

Suíomh:
Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamas Mac Giollabhrighde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 299

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 299

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Lúithche
  2. XML Leathanach 299
  3. XML “Sléibhte Ghaoth Dobhair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sléibhte Ghaoth Dobhair
    A bhfad uadh mbur n-imeall a chaoinim sibh shléibhte
    Mar leithid choinne áilneacht níl ar léar sgéil an domhain
    A bhfad uad na h-áltaibh na maol chnuic as na gleanntáin
    A ghoilim deor cráidhte ar son shléibhte Ghaoth Dobhair
    Fríd néaltaibh na h-oidhche bím ag osnadh agus ag smaoiteadh
    Na leigim sa choidhce mo chos ar taobh mór
    Is na gcluinim an riabhóg an lon dubh nó an smaolach
    Ag seinm ins na craobhacha ar Shléibhte Gaoth Dobhair

    Is iomdha lá aerach do chaith mé I n-aoinfheacht
    Ag buachailleacht caorach ar thaobh Cnoc na nGabhar
    Agus ag seilg fríd craobhacha ar éanlaith an t-Sléibhe
    Go minic a bhéinn sa ar Shléibhte Ghaoth Dobhair

    Ní ins an chruinne aon áit leath go sona
    O! bhfuigh mise aon amharc ar Ghleann Nimhe níos mó
    Níl dual damhsa buaidh a fhághail ar brón dubh no
    Go síntear san uaigh mé i bhfad ó [buaidhreadh]
    Shléibhte Ghaoth Dobhair

    Bhfad uadh mbur n-imeall a tchím fríd na néalta
    Ar lasracha ro dheas na dtriallfáim níos mó
    Is iomdha croí cráidhte ar mhian leis sibh fhágháil
    Fá raor! atá fágta i bhfad uadh Sléibhte Ghaoth Dobhair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brian Ó Bróin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Bróin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall