Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)

Suíomh:
Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamas Mac Giollabhrighde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 220

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 220

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Lúithche
  2. XML Leathanach 220
  3. XML “Na Caoirigh Brocacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo mar dinnis Maighread, bean mhic gaoith, as baile Ghleann Toir nFinn, scéal na gcaoirigh brocach domh.
    Bhí cuid chnuic Dhúin a Luithche agus glean Tóir nFinn lan de chuid caoirigh bhrocacha na hAlbna agus buachaillí de chuid na hAlbna da gcoimhead. Chuir na sráideanna cuid na caoirigh I bpuill, agus annsin rinn siad casaoideacha leis na tighearnaí ar dhaoiní na háite. Chuir an tighearna an dlighe I bfeidhm I néadan mhuintir Ghleann Tóir nFinn agus Ghaoith Dobhair. Mhionnuig na sreadannaí ar na daoiní, agus mar cáin leagadh naoi bpunta ar gach teach.
    Bhí seo éagcorthach ar na daoiní agus bhí siad nimhneach dá thairbhe. Ba é an sagart Ó Dochartaigh a bhí ag stiuradh an phobail ins an am. Chuaidh na daoiní cuige agus cuir a ngearran roimhe. Ba é an comhairle a chur sé orthu “ luach na gcánach ithe”
    Chualaidh na sioth-maoirí seo agus thug siad an dlígheadh do cionnus a bheith ag broslughadh na ndaoiní cum uilce le leithéid do chomhairle.
    Tugadh anon go Sasain é go tig na pairliminte. Chuaidh sé isteach sa teach seo thall, acht níor bhain sé de a hata.
    Cuireadh ceist annsin air “cad chuige nar bhain sé de a hata, na ba é an gnás gach duine a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séumas Mac Giolla Bhríghde
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Maighread Bean Mhic Gaoith
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Tornáin, Co. Dhún na nGall