Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)
- Suíomh:
- Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamas Mac Giollabhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Lúithche
- XML Leathanach 208
- XML “Gleann Tornán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gleann Tornán
Tá baramhail ag moran daoini go bhfuair an baile seo ainm uadh naomh Tornán a bhain faoi ins an chill a bhí i nDún a Lúithche.
Bím féin cor uair ag breathnughadh ar mhíniughadh eile. Ins na sgealta Fiannaidheachta innistear dúinn gur chaith FionN agus na Fianna seal ama ag sealgaireacht ar shléibtibh Thír Conaill.
Bféidir gur uadh Fionn a tháinig an t-ainm.
Tchítiar domsa go bhfuil an focal seo cosamhail le Gleann Tóir nFinn.
Cuirfeadh an t-ainm seo i n-umhal dúinn
(1) go raibh an tóir ar Fhionn ins an Ghleann seo
no
(2) gurab é Fionn a bhí ag déanadh na toraidheachta.
Cómgharach don ghleann seo tá oileán suidthe ins an loch ar chaith Diarmuid agus Gráine seal ama agus mar na rabh Diarmuid agus Fionn cáirdeamhail le céile i dtrátha an ama seo, bféidir go bhfuil rud éiginteacht sa “ tóir ”
Tá leac-inis cómgharach de cósta Gaoth-Dobhair mar ainm Carraic Finn agus deirtear gur baisteadh an t-oileán seo as Rig na Féinne, siocair gur bhain sé faoi air oidhche amháin.
Ag tabhairt freagar ar a chuid fear an tráthnóna sin dubhairt Fionn “ tá rún agam codladh anocht, mo chúl le muir agus m’agaidh le tréin.- Bailitheoir
- Séumas Mac Giolla Bhríghde
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)