Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)

Suíomh:
Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamas Mac Giollabhrighde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 201

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 201

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Lúithche
  2. XML Leathanach 201
  3. XML “Ceantar Dhún Lúiche”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo ceanntar Dhúin a Lúithche. Is le paraoiste Ghaoith-Dobhair an compall seo.
    Suidhte imeasg na gcnoc, seo ceanntear a bhéas iomraidhteach go fóill. Le beagan bliadhain anuas tá pubhal mór famairí ar an áit agus is dóiche nach dul ar gcúl a bhéidheas an teacht isteach seo.
    Tá Dún Lúithche suidhte imeasg na gncoc. Tán Eargal agus Sliabh Sneachta ar a chúl, tá loch Dhúin a Lúithche and Loch na Cuinge na luighe ag bun na gcnoc seo, agus is deas an pictúir a gnídheas an luigheachan seo maidin samhraidh.
    Chualaidh mé daoiní a bhí ar cuairt go Cill Áirne ag rádh go bhfuil an ceanntar seo de thairbe áilneacta comh h-aoibhinn leis an áit iomráidhteach seo i gCo Ciarraige.
    Measaim go mbéidh an áit seo imeasg Sléibhte Thír Conaill clúimhail go fóill nuair a dhéanfas na famairí a thogeas na náite a clú a spréideadh ar fud na cruinne.
    Tá an áit suidhte cómhgarach don bhealac mhór a ritheas ó Ghaoth Dobhair go Litir Ceanainn.
    Ní rabh an bealach mór ann go dtí bliadhain an droch-shaogail
    De reir mar thigim seo ceann de na bealaigh a rinneadhi n-am na mine-buide.
    Deirtear go rabh oiread ban ag obair air agus bhí do fir, agus bhí na n-ualaigh uilig le n-iomcar i málaibh i rith an ama a bhí siad ag obair air.
    Seo bealach na sglábhaideachta.
    Sul a dtáinig traen na bealaigh seo , agus i bfad roimhe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séumas Mac Giolla Bhríghde
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)