Scoil: Ára Mhór (uimhir rolla 15995 or 16384)
- Suíomh:
- Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoine Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deas dé ó’n uille síos. Thoisigh an gasúr bocht ag caoineadh agus d’imthigh sé na bhaile chuig a mháthair.
Rinneadh togha eile annsin ar an bheirt gasúr a bhí fágtha. Thuit an rogha ar an darna gasúr. Rinne an máthair reidh dhá bhanóg aráin coirce, agus d’fiafruigh dé ciacú acu a dtubharfadh sé leis. “Bheirfhidh mé an ceann mór liom” ar se. Thug an mháthair a beannacht dó agus d’imthigh sé.
D’imthigh sé trasna aithghiorra an tsleibhe agus tháinig sé fhad leis an tobar fíor uisge. Bhí ocras air agus shuidh se síos ag an tobar go gcaithfeadh sé trath bidh. Nuair a bhí se tamaill ag ithe tháinig spidéog fhad leis. D’iarr an spidéog giota de’n arán choirce air ach ní thabarfadh sé oiread as gráinín amháin do. D’imthigh an spideóg beag agus é go brónach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlin Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leadhb Gharbh, Co. Dhún na nGall