Scoil: Ára Mhór (uimhir rolla 15995 or 16384)
- Suíomh:
- Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoine Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ára Mhór
- XML Leathanach 147
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Doineann: Tháinig stoirm mhór ar an 28adh lá de Eanáir 1927 aon déag bliadhain ó shoin. Mhair sé cúpla lá. Cailleadh soithigh agus siabhadh ar shiubhal cruacha.
Bhain sé sglátaí ar shiubhal ó na toighthe. Bhí toirneach agus soillseacha leis. Marbhadh cuid mhór bá. Rinne sé poill mhóra amuigh ag na beanna ar an sliabh.
Nuair a chaithfea cloch chluinfea an tuaim ag bun an phoill. Bhí bád ag teacht isteach ó Ailt an Chorráin. Bheir an gálla uirthí léim na fir amach ar charraig agus d'imthigh an bád.
Thoisigh sé ag líonadh agus chuaidh an fhairrge suas go dtí na muinnéáil ortha. Bhí rámha amach as(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Feidlim Ua Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Screig an tSeabhaic, Co. Dhún na nGall