Scoil: Dubhchoradh
- Suíomh:
- An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D. Árd an Chró agus Ailt an Óir
Tá árd agus ailt soir áit éiginteach ar chnoc “Eadar Dhá Bhaile” a bhfuil “Árd an Chró” agus “Ailt an Óir”. Deirtear go rabh cró ag fear i mullaigh an áird agus fear ceithearach cruaidh a bhí ann. Bhí chnoc mór óir aige agus bhí sé comh cruaidh agus ní sgarfadh le dadaí. Oidhche amháin bhí brionglóid aige agus chonnaic sé go rabh cnoc óir curtha san ailt. D’éirig sé ar maidín agus dubhairt sé le na mhnaoi go rabh sé ag dul dá thocailt amach. D’iarr sise air an t-uisge coisreachta a chur air fhéin sul a dtéigeadh sé amach. D’imthigh sé leis annsin agus ba ghoirid go dtáinig sé ar chnoc an óir acht bhí eascan nimhe casta thart ar. Chuaidh sé chuig an t-sagart annsin agus d’innis sé dó. Tháinig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mághnus Ó Dálaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Eadarbhaile, Co. Dhún na nGall