Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 416
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"A bhean mhodhamhail," arsa Domhnall lêithe, "an miste domh fifruigh duit goidé ádhbhar do bhróin."
"Maise níl," arsa an tsean bhean, ní rabh ar an tsaoghal agam ach an aon ingean amháin agus chuaidh sí amach mo bhoithigh a bhlighe. Nuair a bhí sí tamall amuigh chualaidh mé fhéin agus a h-athair í ag sgreadaigh. Chuaidh muid amach go bhfeicfeadhmuis goidé a bhí cearr léithe agus bhí sí na luighe marbh sa suinc. Agus ó shoin ní fhacaidh mé a'n duine cosamhail léithe ach an cailín sin atá leat-sa.
B'fhéidir gurabh í atá ann," arsa Domhnall.
"O ní thiocfadh le sin a bheith arsa an tsean bhean, no fuair mo ingean-sa bás agus cuireadh í."
D'innis Domhnall díthe goidé mar bhí agus gurbh í a ingean fhéin a bhí ann. Ní thiocfadh léithe a chreidbheail. D'iarr Domhnall ortha a bheith ag teacht leisean go dtí an uaigh agus go dtabhairfeadh sé geall nach rabh ins an comhnair ach an tsean-scuab.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conall Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 43
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall