Scoil: Edenfinfreagh (uimhir rolla 8901)

Suíomh:
An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Conn Mac Diarmada
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1053, Leathanach 038

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1053, Leathanach 038

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Edenfinfreagh
  2. XML Leathanach 038
  3. XML “Beatha Chríost”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bí anois ar shiubhal ar cheann dó ghárda
    Cá dtéighim roimhe mbéidh go leór leat
    Dhíol tú mise agus béid mé réidh leat.
    68
    D’imthigh sé gcoinnibh an cinnuighadh ludaigh
    Go síorruidhe thréig sé craomb a chumdaigh
    Déich bpíosa a’s fíchead dé airgid Caesar
    Luach a Rígh is anam a chreatúir
    Fúair sé an bríb a’s bhain sé an t-éolas
    A bheidheas go brathach na ádhbhar dólais
    A dheánadh i ngan-fhíos sa pholladh gan drígean
    Atá an méid a dhíolfhas Íosa ar beagan.
    69
    Thóg síad bunadh anoir ó’n Ard-Rí,
    Agus gluais síad leóbhtha chun a ngairdín
    A luibh ghoirt aluinn arus uaigneach
    Ní rabh croidhe mó Rígh se suaimhneadh
    Ghlúais leis Peadar, Eógain agus Séamus
    In áit i leath-taoibh mar ba mhían leis
    Na sgaraidh liomsa a cháirde dílse
    Tá pían agus tuirse fá mó chroidhese
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Conn Mac Diarmada
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Aodh Mac Mongail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Taobh an Locha, Co. Dhún na nGall