Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an dara oidhche shamhna. Má chuireann sí a lámh isteach ins an chré gheobhaidh sí bás roimh an dara oidhche shamhna. Má chuireann sí a lámh isteach ins an sáiseár a bhfuil an fainne ann, pósfar í roimh an dara oidhche shamhna. Má chuireann sí a lámh isteach ins an sáisear a bhfuil an chrois ann gheobhaidh sí bás roimh an dara oidhche shamhna. Má chuireann sí a lámh isteach ins an saiséar a bhfuil an mearacán ann ní phósfadh sí a choidhche.
Seo cleas eile. Cuirtear uisge isteach i dtobán agus cuirtear ubhall ann fosta. Ceangailtear láimhe cailín amháin agus téigeann sise go dtí an tubann agus bíonn sí ag iarraidh greim a fhaghail ar an ubhall le na béal.
Cuirtear dhá chnó inaice an teine agus cuirtear ainm buachaill ar ceann amháin acu agus aimn cailín ar an cheann eile. Cuirtear tré-theinidh iad annsin agus cuirtear ar shiubhal ó chéile iad. Má léimeann siad le chéile pósfar iad. Má léimeann siad ar shiubhal ó chéile ní pósfar iad ar chor ar bith.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Mhaoláin
- Inscne
- Baineann