Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)

Suíomh:
Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
An tSr. M. Deuglán
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 40

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 40

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí
  2. XML Leathanach 40
  3. XML “Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tuiteann oidhche shamhna gach bhliadhain ar an 31adh dé mhí Deireadh Foghmhair. Sean fhéile paganach iseadh é. An oidhche seo bíonn féasta mór ag gach duine. Ins an t-sean am bíodh arán preataí agus brughtín deanta ag gach duine. In áit tae a bheith acu ins a tráthnóna bhéadh brughtín acu agus bhéadh an t-arán preataí acu ag an fheasta.
    Ins an ám atá i láthair ní bhíonn rud ar bith mar sin acu ag an fhéasta. Bíonn ubhlaí, oráistí, cnódha agus bairighín breac acu ag an fhéasta. Nuair a bhíonn an féasta thart bíonn siad ag imirt cleas. Seo cleas amháin. Cuirtear cúig sáiseár ar an tábla agus cuirtear crí i gceann amháin acu, fainne i gceann eaile, crois ins an treas ceann, uisge ins an ceatharadh, agus mearachán ins an cúigeadh ceann. Cuirtear puthóg ar aghaidh duine amháin agus cuireann sí a lámh isteach i gceann dé na saiseár. Má chuireann sí a lámh isteach ins an sáisear a bhfuil an t-uisge ann rachaidh sé thar sáile, roimh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Úna Ní Mhaoláin
    Inscne
    Baineann