Scoil: Mín an Bhealaigh (uimhir rolla 15229)
- Suíomh:
- Mín an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Niallghuis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fá thuairim 45 bl. ó shoin, bhí fear ina chomhnuidhe i Mín Geal an Carraidhe san pharóiste Árd a Rátha. Bhí tuile mhór san abhann lá amháin agus bhí sé ag amharc uirthe. Bhí poll an-mhór ins an abhainn áit amháin agus nuair a bhí sé ag amharc tháinig beathach amach as an abhainn. Ní fhacaidh sé an béathach ag teacht amach acht chonnaic sé é ag rith ar bhruach na h-abhna.
bhí sé comh mór le gamhain agus é ag rith anonn agus anall agus a shrón leis an talamh. Chuaidh sé soir na páirce go raibh sé neas de. Nuair a chonnaic an béathach é léim sé isteach san abhainn agus ní fhacaidh sé é ní ba mhó. Bhí sé ag smaoitiughadh gur each uisge a bhí ann a tháinig amach as loch Mhín a Bhealaigh no b'fhéidir aníos ón fhairrge. Níl aon cheann aca le feiceáil anois nó ní fhacaidh duine ar bith ceann aca ó shoin. Bhí cuid de na daoinibh ag rádh gur madadh uisge a bhí ann ach bhí seisean cinnte go raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dómhnaill Ua Breislin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín Ghiolla Charraigh, Co. Dhún na nGall