Scoil: Cróibh (uimhir rolla 14566)

Suíomh:
Cróibh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Choilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 138

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 138

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cróibh
  2. XML Leathanach 138
  3. XML “Scéal - Peadar Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí loch ar an bhaile, agus thug sí léithe iad agus chaith sí isteach san loch iad. Annsin d’imthigh an triúr leis na ceigeannaibh poitín. Ní theachfaidh an cailín acht giota beag de’n bhealach agus d’iomchar an t-athair agus an mac na ceigeannaibh atharna giota go rabh siad ins na Cealla Beaga.
    Mhuscail na gárdaí lá thar na bhárach agus d’imthigh siad a bhaile. Nuair a phill Peadar a bhaile bhí na gárdaí uilig na dhiaidh agus b’eigean dó a dhul ar a sheachnadh. Bhí ministir i mBaile-an-Droichid a bhí le Bat mar ainm air, agus chuir sé sgéala chuig Peadar go rabh gnoithe aige leis. Chuaidh Peadar fhad leis agus nuair a chuaidh sé isteach labhair an mhinistir agus dubhairt sé. “Tá lúthghair orm go bhfuil tú gabhta san deireadh”. “An dtabharfa do lámh damh go bhfuil sin fíor” arsa Peadar. Bhéarfainn”, arsa’n ministir agus thug. Ní luaithe a fuair sé greim ar láimh an mhinistir ná thoisigh sé ag teannadh uirthí. Diarr an mhinistir air a lámh a leigint amach. Dubhairt seisean go leigfeadh dá ngealladh sé nach n-amharcochadh na dhiaidh níos mó. Dubhairt seisean go ngeallfadh. Annsin chuaidh Peadar a bhaile agus níor amharc siad na dhiaidh ní budh mhó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh Ua Canainn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Baoighill
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín an Churraoin, Co. Dhún na nGall