Scoil: Cróibh (uimhir rolla 14566)

Suíomh:
Cróibh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Choilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cróibh
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “An Gasúr agus Rí Buí an Chnoic”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Gasúr agus Rí buidhe an chnuic.
    Bhí gasúr ann aon uair amháin agus ba mac baintreabhaighe a bhí ann. Bhí dúil mhór aige i n-imirt chárdaí. Ní dheanfadh sé cúis dó a bheith ag imirt le stócaí agus le fir an bhaile a rabh sé ann. Théigeadh sé trasna na cnuic go dtí baile eile a bhí giota ar shiubhal. Bhí sean bhealach mhór eadar an dá bhaile. Oidhche amháin agus é ag dul an t-sean bhealach mhór tháinig fear roimhe tharraing sé tábla trasna an bhealaigh mhóir roimhe, agus dubhairt sé. “A ghasúir an mbéidh cluithe agat”. “Is Cuma liom arsa an gasúr. D’imir siad an cluithe agus bhain an gasúr é. Féadann tú a bheith ag dul a bhaile anois ars an fear leis agus bhéidh caislean deánta fá do choinne féin agus do mhathair le comhnuidhe ann, agus ní fhacaidh tú a leithid ariamh béidh sé comh deas sin.
    Bfíor dó, Nuair a chuaidh an gasúr a bhaile bhí an caislean deánta fá na choinne. Tráthnóna lá-thar-na-bharach dubhairt sé le na mháthair, “rachaidh mé ‘na chnuic anocht arais”. “O! Na gabh”, arsa a mháthair leis, ná má théigheann cuirfidh an fear atá san chnoc críoch leat”. Ní rabh gar a chrosadh air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0531: Ferdinand the True and Ferdinand the False
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomas Ua Duibhidhir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cróibh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brian Ua Lamhna
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cróibh, Co. Dhún na nGall