Scoil: Cróibh (uimhir rolla 14566)
- Suíomh:
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Choilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cróibh
- XML Leathanach 140
- XML “Dona agus Domhnall Dona”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lánamhain ann fada ó shoin d’arbh ainm Dona agus Domhnall Dona agus an uile phighinn a gheobhadh an Domhnall Dona bheirfeadh sé do na mhnaoi é le taisgidh fá choinne na coise tinne. Lá amháin tháinig fear bocht isteach agus d’fiafruigh sé do’n bhean an rabh léigheas ar bith aicí fá choinne na coise tinne. Dubhairt sí go rabh, d’éirigh sí agus fuair sí spáran mór airgid agus d’ubhairt sí gur sin an léigheas a bhí aicí fá choinne na coise tinne. Seachtmhain na dhiaidh sin d’iarr Domhnall ar a bhean airgead a tabhairt dó go rabh gnoithe aige leis. Dubhairt sí nach rabh an phighinn aicí nó go dtug sí do fhear bhocht é fá choinne na coise tinne. Dubhairt an fear annsin go gcaithfeadh siad an teach a fhágailt, agus d’iarr sé ar an bhean an codhla a tharrainght na diaidh. Nuair a d’amharc an fear thart bhí an bhean ag teacht agus an codhla léithe. Thug siad an codhla leobhtha suas go mullach crainn agus rinne siad leabhaid d’en codhla le codladh air go maidin. Tháinig triúr fir thart agus mála mór airgid leobhtha. D’fág siad an mála ar an talamh agus shuidh siad fhéin ag an chrann. Dubhairt an fear go leigfeadh sé síos an codhla ortha, agus leigh. D’imtigh na fir ag rith agus tháinig Dona agus Domhnall(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ghaibhtheachain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Giolla Easbuic
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall