Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)

Suíomh:
Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Caiside

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Árd an Rátha | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 328

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Chonnaic mé an domhain ag [iomain/tomain?] ar bhórd an Ríogh
Bhí Iarla an Cabhain ann 's a bhearadh ar Eoghan a' Ríogh (?)
Bhí an [liafan?] agus an fheannóg a's grán aca chan díol
Agus bhí an [chanách? (chánóg = puffin?)] i mbrollach bean Iarla na Mídhe

XII
Chonnaic mé an [cearlaman?] ag baint báirneach sa choill
Stad boinneann 'na ghairigh istigh i mála le cat ar a dhruim
Bhí easóg ins na spéarthaí ag deanamh réaltóg de dhuilleabhar na gcrann
Bhí luchóg in a léine ag déanamh spéaclóir d'abar a' phuill
XIV
Chonnaic mé Éire le Riabhóig ar mhullach a chinn
Bhí péist a's Earc Sléibhe a's [créibhric?] ag fás ar a dhruim
Frog agus gréip aici ag baint féir ar shráid Dhún na nGall
An chearc uisge ' déanamh léinte de'n fhéar ' bhí fás ar an Fhinn
Mar fuaras é ó'n "Geanealch Bheag" (Fionnlach beag) Mín a' Cearrbhaigh, An Charraic 1908

Bailitheoir
Seán Ó Caiside
Inscne
fireann
Gairm bheatha
múinteoir
Faisnéiseoir
ainm áitiúil An Geinealach Beag
Inscne
fireann
Seoladh
Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge