Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán (uimhir rolla 15658)

Suíomh:
Móin na mBian, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Máiréad Ní Chúndúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 480

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 480

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán
  2. XML Leathanach 480
  3. XML “Airgead i dTaisce”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chonnacadar taoide ag teacht isteach cun iad do sgiobadh léi. Do chaitheadar uatha na h-úirlisí agus do dhúnadar a súilí. Nuair d'oscaladar a súilí bhí an taoide imighthe.
    Cuadar cun na h-úirlisí do thógaint acht má chuadar níor éirigh leo mar bhí na h-úirlisí ceangailte don talamh. Bhí eagle ortha agus do chuadar abhaile.
    Nuair thánadar thar n-ais an tarna oidhche bhí an áit dúnta agus an sgeach ag fás ann arís agus do fuaradar na h-uirlisí ar an áit nar dfhágadar iad. Níor dheineadar aon iarracht an oidhche sin cun é d'fhaghailt mar bhí eagle an domhain orhta mar na shuidhe féin sgeich bhí fear agus culaith bán air.
    Chuadar abhaile go brónach agus d'inniseadar an sgéal do gach éinne sa bhaile. Dubhairt na daoine gurbh iad na Draoithe a chur an t-ór i bhfolach cun é abheith acu nuair a gheibhidís bás agus gur chuireadarfear ann leis cun aire a thabhairt don ciste.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Shlatra
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Riain
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74
    Seoladh
    An Chúil Rua, Co. Phort Láirge