Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán (uimhir rolla 15658)

Suíomh:
Móin na mBian, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Máiréad Ní Chúndúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 491

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 491

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán
  2. XML Leathanach 491
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó fadó in Éirinn do mhair na daoine go mór ar na prátaí mar biadh acht tháinig an t-am nuair a bhí easba bídh ann mar do theip na prataí agus do luigh an droch-shaoghal go trom ar na daoine.
    Do luigh an droch-shaoghal go trom ar na daoine ins an gceanntar seo mar bhí i bhfad níos mó daoine ann ná mar atá anois agus bhí an áit ró bheag chun iad go léir do chothú annsan.
    Seo mar do tharla. Do tháinig an Dubh ar na prátaí agus iad ag fás ins na driollaí. Do loitheadh iad go léir agus ní raibh aon mhaith ionnta annsan. Ní raibh le'n -iththe ag na daoine annsan acht leite agus turnaipí . Do luigh an ocras go mór ar na daoine bochta. Bhí na feirmeóirí ana chruaidh ortha mar ní cabhruighidís leo. Is minic a chuaidh na daoine bochta san oidhche go dtí gort na feirmeóirí agus do ghoideadar na turnaipí.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Shlatra
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Riain
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74
    Seoladh
    An Chúil Rua, Co. Phort Láirge