Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán (uimhir rolla 15658)

Suíomh:
Móin na mBian, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Máiréad Ní Chúndúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 479

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 479

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán
  2. XML Leathanach 479
  3. XML “Airgead i dTaisce”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do chualas mo shean úncail á rádh go minic go raibh airgead i dtaisce in áit darab ainm Charraigín i Seana Phobal.
    Deirtear gurbh iad na daoine do chur i bhfolach é agus nuair do bhíodar ghá cur do mharbhuigheadar fear agus do chuireadar é i bhfad síos ins an dtalamh fé chré is fé chlocha leis an óir chun aire a thabhairt dó.
    Bhí eagla ortha an t-ór do choiméad dóibh féin mar an uair sin bhí ropairí ag dul mór thimcheall ag ropaireacht agus do bheadh an t-óir ag teastáil ós na Draoithe tar éis a mbáis.
    Oidhche amháin timcheall sé bliadhna ó shoin chuaidh mo úncal agus cúpla fear eile ag baint óir mar do thaidhreamh mo uncail trí oidhcheanna i ndiaidh a chéile go raibh ór a dtaisce in áit áirithe.
    Nuair shroiseadar an áit d'fhéacadar mór thimcheall go géar. Bhí sgeach gheal ag fás ós cionn na h-áite 'na raibh an t-airgead i bhfolach. Annsan thosmuigheadar go dtí leach mhór. Bhí pian 'na lámha acu ó bheith ag obair agus ag tóch.
    Bhíodar a d'iarraidh na lice do bhriseadh nuair do las an áit mór thimcheall. D'fhanadar ag d'iarraidh na lice do bhriseadh suas nuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Shlatra
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Riain
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74
    Seoladh
    An Chúil Rua, Co. Phort Láirge