Scoil: Bó Ros (Bouris)

Suíomh:
An Gleann Bán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Breandán Ó Lionáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0138, Leathanach 221

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0138, Leathanach 221

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bó Ros (Bouris)
  2. XML Leathanach 221
  3. XML “Ciníocha Móra an Cheantair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (?) ar Bodkin agus ar Easbog Chluain Fearta " a fhágháil amach luach an gabhaltais ag Mainistir Cill Craoibh an Tighe agus an Mainistear a ghabháil (?) an Rí."

    1546 - Faoi'n am seo bhí dearmad déanta ag MR. Seóige gur de bhunadh Normánaigh na Breataine (?) iad, agus bhíodar chomh Gaedhealach le sáile an Chaoláire Ruaidh. Bhí na Máilligh, agus iad ag gabháil a gcuid bád (?) Cuan Modh, nó ag treabhadh na fairrge móire, gan árd (?) ná beann aca ar dlighe ná ar nósaibh na nGall. Is mar sin a bhíodar go dtáinig na Gaill anuas ar -Gráinne (?), is gur chreachadar agus loisgeadar Umhaill.

    1569 - Tháinig Sir Henry Sydney go Gaillimh tar éis Éire ar fad a shiubhal do. Bhí chuile shórt ar a chomhairle (?) aige i gCúige Mumhan agus ar ndóigh bhí gach mac a' pheata mhuinntir Chonnacht cruinn ann roimhe le fáilte fhearadh (?) roimhe. Iarla Thuaidh Mhumhan agus a chuid Brianaigh, (?) gentlemen of one surname, and yet no one of them friends (?), and som-time have been named Kings of Limerick
    Iarla Chlanna Riocaird, ÁrdEasbog Thuamha, Easbog Chluain Fearta, barún Bhéal Átha na Rí " a now needy representor of the (?) great family of the Berminghams, and ancientest in (?) land." Bhí freisin Ó Flaithbheartaigh (Iar Chonnacht) Ó Ceallaigh (?) (Uí Máine) Ó Heachtain, agus na Búrcaigh faoi na (?) sloinntibh nua - Mac Dáibhí, Mac Réamuinn, Mac Iobairt, Mac Uilleam agus go leór eile ann. Bhí Griondarás (?), Mac Coisdealbha, Loingsigh, Bairéad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge