School: Bó Ros (Bouris)
- Location:
- Glenbaun, Co. Mayo
- Teacher: Breandán Ó Lionáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(?) ar Bodkin agus ar Easbog Chluain Fearta " a fhágháil amach luach an gabhaltais ag Mainistir Cill Craoibh an Tighe agus an Mainistear a ghabháil (?) an Rí."
1546 - Faoi'n am seo bhí dearmad déanta ag MR. Seóige gur de bhunadh Normánaigh na Breataine (?) iad, agus bhíodar chomh Gaedhealach le sáile an Chaoláire Ruaidh. Bhí na Máilligh, agus iad ag gabháil a gcuid bád (?) Cuan Modh, nó ag treabhadh na fairrge móire, gan árd (?) ná beann aca ar dlighe ná ar nósaibh na nGall. Is mar sin a bhíodar go dtáinig na Gaill anuas ar -Gráinne (?), is gur chreachadar agus loisgeadar Umhaill.
1569 - Tháinig Sir Henry Sydney go Gaillimh tar éis Éire ar fad a shiubhal do. Bhí chuile shórt ar a chomhairle (?) aige i gCúige Mumhan agus ar ndóigh bhí gach mac a' pheata mhuinntir Chonnacht cruinn ann roimhe le fáilte fhearadh (?) roimhe. Iarla Thuaidh Mhumhan agus a chuid Brianaigh, (?) gentlemen of one surname, and yet no one of them friends (?), and som-time have been named Kings of Limerick
Iarla Chlanna Riocaird, ÁrdEasbog Thuamha, Easbog Chluain Fearta, barún Bhéal Átha na Rí " a now needy representor of the (?) great family of the Berminghams, and ancientest in (?) land." Bhí freisin Ó Flaithbheartaigh (Iar Chonnacht) Ó Ceallaigh (?) (Uí Máine) Ó Heachtain, agus na Búrcaigh faoi na (?) sloinntibh nua - Mac Dáibhí, Mac Réamuinn, Mac Iobairt, Mac Uilleam agus go leór eile ann. Bhí Griondarás (?), Mac Coisdealbha, Loingsigh, Bairéad(continues on next page)