School: Bó Ros (Bouris)

Location:
Glenbaun, Co. Mayo
Teacher:
Breandán Ó Lionáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 219

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 219

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bó Ros (Bouris)
  2. XML Page 219
  3. XML “Ciníocha Móra an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa bhliadhain 1217 do thainig Riocard de Burgo do ,000(?) marc do Rí Shasana acht Connacht go léir a bhronnadh air, agus 200 sa mbliadhain le cois; Nó £1,000 dá dtugtaoi (?) do in éis bháis do Chathal Crobhdhearg. Níor tugadh aon (?) air an uair úd. Acht, sa bhliadhain 1226 nuair a bhí Cathal básuighthe bhí an Rí sásta é a chur i seilbh Chonnachta,
    Dorduigh sé do de Maresco - fear ionad an Rí - an tíghe (?) a thabhairt do. As sin amach, tugadh an Búrcach Tighearna Chonnacht " air féin, agus d'fhéach sé, le teann easaontas (?) agus imreas a chothú idir na taoisigh ins na gCúige, len a gcumhacht a laghdú, agus é féin a thabhairt (?) chun máighistreachta ins an gcúige.
    Len a dhéanamh sin thóg sé Caisleáin láidre i (?) Loch Measga agus Loch Coirib - Caisleán na Cailloghe (?) Measga agus Caisleán na Circe ar Loch Coirib. Ghabh (?) sé Máigh Seóla - an ceanntar atá idir Tuaim, Áth Cinn agus Gaillimh - , dhíbir sé na Flaithbheartacha siar go Iar-Chonnacht. 1232 ghabh sé Gaillimh féin uatha agus chuir (?) innte. Ba ghearr go raibh sé chomh teann, láidir, is bhí oiread faitchís roimhe, go raibh na Flaithbheartaigh féin (?) ag cuidiú leis in aghaidh a gcomhursana Cathal Connchubhair. D'iomchar siad a chuid bád ó Loch Coirib go Caoláire (?) Ruadh agus thug congnadh do creach agus ár agus slad a (?) dhéanamh ar an mhuinntir a bhí ar a dteicheadh imeasg oileán Chuain Mod: 1226 do dhóig sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish